Skip to main content

Misin Eorpacha

De bharr gur thit Iar-Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha (USSR) óna chéile agus gur tháinig náisiúnachas chun cinn arís bhí gá le fórsaí síochánaíochta a imscaradh in áiteanna i Lár agus in Oirthear na hEorpa. Mar thoradh air sin chuir Éire pearsanra míleata ar fáil, ní amháin do na Náisiúin Aontaithe, ach freisin don Aontas Eorpach (EU) ar a tugadh an Comhphobal Eorpach (EC) tráth, agus don Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhar san Eoraip (OSCE).

Fórsa Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe sa Chipir

Past Missions Cyprus

UNFICYP - Márta 1964 - Bealtaine 2005
Tá cúlra casta agus na céadta bliain d’aois ag coimhlint na Cipire, ach go bunúsach d’éascair sé ó easaontas idir mhuintir na Tuirce agus mhuintir na Gréige ar an oileán.  Fuair an Chipir neamhspleáchas ón mBreatain i 1960. Bhí roinnt mhaith fadhbanna sa tír nua an chéad cúpla bliain, go príomha míshástacht phobal Gréagach na Cipire leis an mbunreacht, a thug ionadaíocht díréireach don phobal Turcach, dar leo. Nuair a déanadh iarrachtaí an bunreacht a leasú, thosaigh an dá phobal ag ullmhú i gcomhair coimhlinte. Iarradh cúnamh ar an AE agus bunaíodh UNFICYP  mar thoradh air sin.  D’aontaigh Éireann páirt a ghlacadh agus ag tús an mhisin chuir os cionn míle trúpa ar fáil. Siadsan a bhí freagrach as an gcuid thiar den oileán ar fad.  Grúpa Armúrtha na hÉireann, leis na Panhard AML60s nua mar threalamh acu, a ghníomhaigh mar an Fórsa Cúltaca Soghluaiste.

Bhí trí phríomhaidhm ag an misean: nach mbrisfí amach ag troid arís; cúnamh a thabhairt maidir le dlí agus ord a choimeád; agus cur leis an iarracht an gnáthshaol a athbhunú.  Baineadh amach chéad aidhm an mhisin go tapa, de bharr trúpaí an AE a bheith imscartha in áiteanna a d’fhéadfadh trioblóid a bheith iontu.  Tar éis coup d’état a rinne na Coirnéil Airm sa Ghréig i 1968 bhí níos mó daoine sa Chipir ag iarraidh dul ar ais leis an nGréig.  Aistríodh formhór líon slua na hÉireann chuig Fórsa Éigeandála na Náisiún Aontaithe (UNEF II) i Síonáí sa bhliain 1973, tar éis bhriseadh amach Chogadh Yom Kippur. De bharr coup sa Chipir i mí Iúil 1974, bhíothas ag súil go rachadh an tír ar ais leis an nGréig ar an bpointe. Rinne fórsaí na Tuirce ionradh sula bhféadfadh sin tarlú áfach agus ghabh siad an chuid thuaidh den oileán. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogaíocht, bunaíodh crios maolánach idir an dá chuid den oileán agus ba é an ‘Líne Ghlas’ sin a chothabháil a bheadh mar phríomhról UNFICYP.

Bhí dúsháinn pholaitiúil ann ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin agus níl aon réiteach ar an scéal fós. Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Kofi Annan a bhí ina chathaoirleach ar an iarracht is déanaí ar athmhuintearas ach, cé gur ghlac an pobal Turcach leis, dhiúltaigh an pobal Gréagach dó.  Tháinig deireadh le rannpháirteach na hÉireann in UNFICYP i mBealtaine 2005 tar éis 41 bliain seirbhíse a chur isteach. 

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an Bonnunficyp ribbon
Fad:Márta 1964 - Bealtaine 2005
Cineál Oibríochta:Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Trúpaí)
Tiomantas: 9655 Misean Carnach

An Fórsa Cúnaimh Slándála Idirnáisiúnta (an Afganastáin)

Nollaig 2001 go dtí 2016

I 1989, tharraing fórsaí na Sóivéide amach as an Afganastáin i ndiaidh ghéarchoimhlint 10 mbliana inar maraíodh na céadta míle Afganastánach.  Thit an córas cumannach a d'fhág siad ina ndiaidh i 1992 nuair a ghlac trodairí mujahideen seilbh ar Kabul.
In ionad deireadh a chuir leis an troid, thit an tír isteach i gcogadh cathartha duáilceach idir na faicsin mujahideen éagsúla.

I 1996, tháinig grúpa amháin, an Talaban, a bhí comhdhéanta den chuid is mó de trodairí eachtrach agus Sunni Muslim Pashtus ón Phacastáin, ón tSeisnia, ón Afraic Thuaidh agus ó roinnt tíortha Arabacha chun cinn mar bhuaiteoirí.

Thug an Talaban isteach an cinéal sharia (dlí Ioslamach) is déine agus chéadaigh siad bunú campaí oiliúna sceimhlitheora agus guairille idirnáisiúnta, ina measc grúpa Osama bin Laden, Al Qaeda.

I ndiaidh na n-ionsaithe a rinneadh ar Nua-Eabhrac an11ú Meán Fómhair 2001, rinne na SA ionradh ar an Afganastáin le tacaíocht ón Northern Alliance, grúpa mujahadeen a bhí i gcoinne an Talaban.

An 5 Nollaig, 2001, shínigh príomhphearsaí polaitíochta na hAfganastáine agus ionadaithe phríomhchumhachtaí an domhain Comhaontú Bonn. Mar thoradh ar an gcomhaontú sin bunaíodh an fórsa idirnáisiúnta ISAF chun síocháin agus cobhsaíocht a bhunú san Afganastáin.  Ón 20ú Nollaig, bhí sainordú ag ISAF ó UNSCR 1386.

Dhírigh an chéad imscaradh ar a raibh 5,300 trúpa ó 30 tír, go príomha ar Kabul.  Tá seachtar pearsanra de chuid na hÉireann ag feidhmiú in ISAF, ceathrar acu siúd fostaithe sa mBráinse Idirbheartaíochta agus Idirchaidrimh.

Rinneadh ceann de príomhfheidhmeanna ISAF, cúnamh a thabhairt don údarás idirthréimhseach toghcháin saor agus daonlathach a rith, a chomhlíonadh i 2004 nuair a toghadh rialtas an Uachtaráin Hamid Karzai.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnIsaf-Ribbon
Fad:Nollaig 2001 - 2016
Cineál Oibríochta:NATOOibríochtaí Tacaíochta Síochána faoi cheannas NATO-PfP
Tiomantas: 226 Misean Carnach

Oifig Idirchaidreamh Mhíleata na Náisiún Aontaithe san Iúgslaiv - Fórsa Cosanta na Náisiún Aontaithe

UNPROFR - Eanáir 1992 — Eanáir 1996
I ndiaidh an tsosa comhraic sa chogadh idir an tSeirbia agus an Chróit bunaíodh fórsa Oifigeach Liaison (LO) san Iar-Iúgslaiv, bailithe ó UNTSO agus UNIKOM, chun a bheith ag oibriú i gceanncheathrúna an dá thaobh cogaíochta ar feadh na líne síochána. Ba é an fheidhm a bhí acu ná cúrsaí cumarsáide a thabhairt chun feabhais idir an dá thaobh agus eolas a lorg faoi sharuithe líomhnaithe an tsosa comhraic. Le bunú UNPROFOR ghlac siad an tasc chucu chun bualadh leo agus chun mionteagasc a thabhairt do na tulmheithleacha taiscéalaíochta. D’oibrigh an chuid is mó de na Lonna sa Chróit agus bhí cuid acu sa Bhoisnia freisin.

I ndiaidh bhunú UNPROFOR, díscaoileadh an grúpa UNMLO. D'fhill formhór na LOnna ar na misin a raibh siad orthu roimhe seo ach d'fhan beirt oifigeach Éireannach mar chuid de UNPROFOR. Bunaithe ó thosach sa Chróit chun ceantair ainmnithe a dhímhíleatú, fadaíodh sainordú UNPROFOR ina dhiaidh sin chun an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a chur san áireamh chun tacú le seachadadh fhaoiseamh daonnúil agus chun monatóireacht a dhéanamh ar limistéir 'faoi chosc eitilte' agus ar cheantair shábháilte. Fadaíodh an sainordú níos déanaí go dtí Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine (FYROM) d'fhonn monatóireacht choisctheach a dhéanamh i gceantair teorann.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le hAghaidh an BonnUNPROFOR Ribbon
Fad:Eanáir 1992 — Eanáir 1996
Cineál Oibríochta: Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir)
Tiomantas:36 Misean Carnach

Ard-Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhídeanaithe

UNHCR — Y - Nollaig 1992 - Márta 1993
D’fhóin beirt oifigeach as Éirinn ar iasacht, ar feadh 2 thréimhse as a chéile, le hArd-Choimisiún na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe - an Iúgslaiv (UNHCR (Y) san Iar-Iúgslaiv, misean Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir). An phríomh-fheidhm a bhí acu ná bheith ina gcomhairleoirí gluaiseachtaí conbhua. Bhí na conbhuanna cabhrach a d’eagraigh UNHCR (Y) ag feidhmiú faoi chúinsí an-diana agus braitheadh go rachadh sé chun tairbhe dóibh leas a bhaint as nósanna imeachta conbhua míleata, theastaigh pearsanra míleata dá bhrí sin le comhairle a chur orthu.

Misean Breathnóirí Míleata na Náisiún Aontaithe in Prevlaka

UNMOP - Feabhra 1996 - Nollaig 1999
Bhunaigh UNSCR 1038 misean UNMOP chun monatóireacht a dhéanamh ar dímhíleatú leithinis Prevlaka, limistéir straitéiseach a raibh díospóid faoi ar siúl idir an Chróit agus an Iúgslaiv (FRY).

Chuir UNMOP a shainordú i gcrích trí láithreacht a choinneáil ina cheanncheathrú in Cavtat agus ag láithreacha foirne in Herceg Novi in Iar-Phoblacht na Iúgslaive FRY agus in Gruda sa Chróit. Rinne breathnóirí patróil feithiclí, siúil agus seasta, agus rinne siad gearán le húdaráis na Cróite agus na hIúgslaive maidir le sáruithe ar an gcrios dímhíleataithe.  

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le hAghaidh an BonnUNMOP RIBBON
Fad:Feabhra 1996 - Nollaig 1999
Cineál Oibríochta:  Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir)
Tiomantas:   10 Misean Carnach

Údarás Idirthréimhseach na Náisiún Aontaithe i Oirthear na Slavóine

UNTAES - Feabhra 1996 - Eanáir 1998
Bhunaigh UNSCR 1037 misean UNTAES chun maoirsiú a dhéanamh ar athlánpháirtiú síochánta Oirthear na Slavóine, Baranja, agus Iarthar Sirmium isteach sa Chróit i ndiaidh cogaí na Balcán.

Mar chuid dá shainordú bhí dímhíleatú an réigiúin a chinntiú agus slándáil a sholáthar do phearsanra ón mBinse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgsláiv (ICTY) a bhí ag déanamh dí-adhlactha ar shuíomh ollmhór uaigheanna in Ovcara.

Reáchtáil UNTAES toghcháin rathúla sa réigiún freisin in Aibreán 1997 agus rinne breathnóireacht orthu.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le hAghaidh an BonnUNTAES - Ribbon
FadFeabhra 1996 - Eanáir 1998
Cineál Oibríochta    Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir)
Tiomantas10 Misean Carnach

Misean Rialtais Eatramhaigh na Náisiún Aontaithe sa Chosaiv

UNMIK - Lúnasa 1999 - 21 Deireadh Fómhair 2010
I Meitheamh 1999, i ndiaidh feachtais NATO a mhair 78 lá, cuireadh faoi dhualgas na Náisiún Aontaithe an Chosaiv a rialú trína Mhisean Rialtais Eatramhaigh (UNMIK), le sainordú gan fasach chun "rialtas idirthréimseach a bhunú sa Chosaiv le linn dóibh a bheith ag bunú agus ag maoirsiú na forbartha ar fhorais fhéinrialaithe dhaonlathacha shealadacha ar mhaithe le coinníollacha a chinntiú maidir le gnáthshaol síochánta a chur ar fáil d'áitritheoirí uile na Cosaive”.

De réir Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, bhunaigh an UNMIK láithreacht idirnáisiúnta sa Chosaiv. Sna hocht mbliana ina dhiaidh sin, de réir mar a bunaíodh Forais Shealadacha Fhéinrialtais na Cosaive (PISG) agus de réir mar a d'éirigh leo tuilleadh freagrachtaí a ghlacadh chucu, tá an UNMIK tar éis cúlú ó ról feidhmiúcháin go ról ina mbíonn sé ag monatóireacht agus ag tacú le forais áitiúla.

Mionsonraí na nOibríochtaí
Ribín le hAghaidh an BonnUNMIk Ribbon
FadIúil 1999 - 21 Deireadh Fómhair 2010
Cineál Oibríochta    Síochánaíocht faoi cheannas na NA (Breathnóir)
Tiomantas4 Pearsanra